Bord nua an Údaráis

Tá bord nua Údarás na Gaeltachta fógartha ag Joe McHugh, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin. Tá Anna Ní Ghallachair, Stiúrthóir ar Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, athcheaptha ina Cathaoirleach ar an mbord, mar aon le deichniúr comhalta eile.

Is iad seo leanas na comhaltaí atá ceaptha ag an mBord: Eunan Mac Cuinneagáin, An Charraig, Co Dhún na nGall; Ian Mac Aindriú, Béal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo; Seosamh Ó Laoi, an Spidéal, Co na Gaillimhe; Mary Uí Chadhain, Gabhla, Caiseal, Co na Gaillimhe; Siobhán Seoighe, Átha Buí, Co na Mí; Debra Ní Shúilleabháin, Máistir Gaoithe, Cill Airne, Co Chiarraí. Mar aon leis an liosta seo tá comhaltaí ceaptha ar an mbord ar ainmniúchán na gComhairlí Contae ina bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndlínsí. Orthu siúd tá: John Shéamuis Ó Fearraigh, Dún na nGall; Seán Mac Congamhna, Maigh Eo; Séamus Walsh, Gaillimh; agus Séamus Cosaí Mac Gearailt, Ciarraí.

 

Page generated in 0.3233 seconds.