Séasúr nua ILDÁNA

Tá séasúr nua ILDÁNA fógartha ag TG4 agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhar le hIonad Scannánaíochta na Gaillimhe. Is deis atá í ILDÁNA chun tacaíocht a chur ar fáil chun scannáin fhaisnéise a léiriú don teilifís agus don amharclann.

Faoin scéim cuirfear maoiniú suas go €80,000 an ceann ar fáil do dhá scannán a bheidh le taispeáint sna pictiúrlanna agus le craoladh ar phríomhsceideal cláir TG4.

Is ábhar a bhfuil raon cruthaitheach agus uaillmhianach atá á lorg don scéim ILDÁNA agus tá sé dírithe ar chruthú scannáin a mhairfidh 60 – 70 nóiméad.

Ní mór iarratais a dhéanamh roimh 20 Deireadh Fómhair agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.galwayfilmcentre.ie/2017/07/14/babhta-coimisunaithe-ildana-2/

 

Page generated in 0.3804 seconds.