Muintir Uí Chatháin

Tá CD breá seolta ag Gael-Linn den albam álainn Muintir Chatháin/The Keane family, albam a eisíodh i dtús mar cheirnín sa bhliain 1985. Dolores Keane agus a muintir atá i mbun ceoil agus amhrán ar an albam seo - Cill Chais, Dónal Óg, Anach Cuain, agus bailéid mhóra mar The May Morning Dew.

Bhí sé de bhua ag Dolores gur fhás sí aníos i dteaghlach a bhí báite go hiomlán i saibhreas ceoil. Bhí clú agus cáil bainte amach ag a beirt aintíní, Sarah agus Rita, i measc lucht an cheoil. Ach ní hí Dolores amháin a thug léi bua an cheoil ón tseanmhuintir. Ar an albam seo, cloistear a deirfiúracha Teresa agus Christina, a deartháireacha Matt, Seán, Pat agus Noel, chomh maith lena máthair Bridie, agus a hathair Matt.

Tá an CD ar fáil sna siopaí ceoil anois nó ó www.gael-linn.ie

 

Page generated in 0.3080 seconds.