Stádas breise san AE

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh fhógra an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh, faoin gcomhaontú ó Chomhairle an AE Rialachán a dhéanamh lena leagtar amach méadú incriminteach ar na catagóirí de reachtaíocht an AE atá le haistriú go Gaeilge. Tá sé seo á dhéanamh mar chuid den phróiseas chun deireadh a chur le maolú na Gaeilge san AE faoi 31 Nollaig 2021.

Éilíonn an Conradh anois ar an Rialtas clár ama céimiúil a fhoilsiú chun go n-earcófar foireann le Gaeilge laistigh d’achar cúig bliana. Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge “Deis iontach do phobal na Gaeilge a bheidh i gcomórtais earcaíochta an tAontas Eorpaigh. Ní mór don Rialtas spriocanna cinnte, intomhaiste a chinntiú leis na hinstitiúidí éagsúla san AE i dtaca le líon na gcéimithe a chuirfear ar fáil gach bliain idir seo agus 2021 d’fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge “Agus plean céimiúil á éileamh ag Conradh na Gaeilge le deireadh a chur le maolú na Gaeilge san AE is deas linn ar deireadh comhaontú cinnte agus rialachán a fháil ó Chomhairle an AE chun an sprioc seo a bhaint amach.”

Lean de Spáinn “Tá Conradh na Gaeilge ar fáil le páirt ghníomhach a ghlacadh i bpleananna an Rialtais chun deireadh a chur leis an maolú ar stádas iomlán na Gaeilge san AE. Leanfaidh an eagraíocht ag imirt ról lárnach sa stocaireacht ar mhaithe le teanga iomlán oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a dhéanamh den Ghaeilge.

 

Page generated in 0.2650 seconds.