Ionsaí ar mhaoiniú an Údaráis

Tá ionsaí eile déanta ag Rialtas Fhine Gael agus an Lucht Oibre ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta agus laghdú breis agus milliún euro déanta acu ar bhuiséad caipitil an Údaráis, i gcomparáid leis an maoiniú a bhí acu anuraidh.

Deir Conradh na Gaeilge gur scannal é go bhfuil laghdú chomh suntasach beartaithe do bhuiséad caipitil an Údaráis tráth go bhfuil tuilleadh infheistíochta de dhíth sa Ghaeltacht. Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán an Chonartha: “In ainneoin go bhfuil breis agus €1.5 billiún breise á chaitheamh ag an Rialtas i gCáinaisnéis 2016, agus gur fhógair an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil ollbhuiséad de €310 milliún á chur ar fáil do na hEalaíona, an Oidhreacht agus an Ghaeltacht i 2016, fógraíodh ciorrú as cuimse ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta agus ar bhuiséad an Fhorais Teanga mar chuid den cháinaisnéis. Tá Conradh na Gaeilge ar buile nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt ag an Rialtas do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus éilíonn an eagraíocht ar an Aire Joe McHugh méadú suntasach a chinntiú do mhaoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Beidh tuilleadh airgid á ghearradh ó bhuiséad Fhoras na Gaeilge, rud a fhágann go mbeidh Conradh na Gaeilge agus na ceanneagraíochtaí Gaeilge uile thíos leis, agus beidh impleachtaí tromchúiseacha aige seo ar an obair a chuireann muid i gcrích sa phobal.”

Lean de Spáinn: “Tá Seachtain na Gaeilge ar an bhféile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó ar domhan, ach d’fhéadfadh ciorrú 50% ar bhuiséad na féile a bheith i measc na himpleachtaí a thiocfaidh ón laghdú maoinithe sa cháinaisnéis.”

 

Page generated in 0.3407 seconds.