Fleadh Cheoil na Gaillimhe

Tráthnóna amárach, Dé hAoine 16 Bealtaine, ag 7.00in, déanfar Fleadh cheoil na Gaillimhe a oscailt go hoifigiúil ag ócáid a bheidh ar siúl sa Bailey Allen Hall san Ollscoil. Beidh Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins, mar aoi speisialta ag ócáid na hoscailte, ócáid a chuirfidh tús le deireadh seachtaine ollmhór de chomórtais, ceol, agus rince. Beidh ceoltóirí, idir óg agus aosta, ag tabhairt aghaidhe ar chathair na Gaillimhe don deireadh seachtaine.

Tá Fleadh Cheoil na Gaillimhe á eagrú ag Craobh Mhaigh Cuilinn agus Craobh Chnoc na Cathrach den Chomhaltas agus tá éacht oibre déanta acu cheana féin. Tá súil ag an lucht eagraithe go mbeidh na céadta ag glacadh páirte sa Fleadh. Tá cuireadh oscailte tugtha acu do phobal na Gaillimhe freastal ar imeachtaí an Fhleadh agus deir siad go mbeidh fíor chaoin fáilte rompu. Gach eolas ó Chaomhán Ó Fatharta ag 085 8408746.

 

Page generated in 0.4038 seconds.