Cúnamh don bhéal triail

Tá cúrsa nua curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge do mhic léinn atá ag déanamh scrúdú na hArdteistiméireachta agus atá ag iarraidh cur lena gcumas labhartha Gaeilge. Ar ndóigh tá tábhacht bhreise leis an scrúdú seo anois os rud é go bhfuil 40% de na marcanna iomlán sa scrúdú ag dul don scrúdú béal.

Beidh cúrsa Chonradh na Gaeilge ar siúl gach tráthnóna Aoine in Áras na nGael, 45 Sr Doiminic, ar feadh tréimhse 10 seachtain agus déanfar freastal ar mhic léinn atá ag staidéar don ard leibhéal agus don ghnáth leibhéal. Cuirfear béim faoi leith i gcothú muinín na mic léinn sa teanga agus cuirfear an teanga os a gcomhar mar ghnáth theanga cumarsáide. Bainfear leas as réimse leathan uirlisí múinteoireachta agus cinnteofar freisin go mbeidh na mic léinn ag foghlaim faoi gach gné den teanga.

Is féidir clárú don chúrsa nua anois ar www.arasnangael.ie nó is féidir eolas a fháil ach glaoch a chur ar 091 567824 nó [email protected].

 

Page generated in 0.3551 seconds.