Leabhar na bliana

Is é an leabhar Ó Chrann go Crann le Caitríona Hastings, maisithe ag Andrew Whitson agus foilsithe ag an gcomhlacht An tSnáthaid Mhór, buaiteoir Gradam Réics Carló, Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga. Tá aithne mhaith ar Chaitríona, atá ina chónaí i nGaillimh le blianta beaga anuas.

Tá baint láidir Gaillimheach freisin le buaiteoir Gradam Uí Shúilleabháin, leabhar na bliana do dhaoine fásta. Is ar an leabhar Dúlra Oileáin Árann le Con Ó Ruairc, foilsithe ag Cois Life, a bronnadh an Gradam seo. Seo leabhar a dtugann léargas ar uathúlacht oidhreacht na n-oileán seo – an gheolaíocht, an aeráid, ainmhithe agus plandaí, an cladach agus an fheirmeoireacht. Chaith údar Dúlra Oileáin Árann, Con Ó Ruairc, 40 bliain ag obair le Teagasc mar eolaí planda, mar eagarthóir ar fhoilseacháin eolaíochta agus ag obair ar phleanáil taighde.

 

Page generated in 0.2920 seconds.