Peter Pan sa Taibhdhearc

Tá draíocht Never Never Land le feiceáil sa Taibhdhearc faoi láthair, áit a bhfuil Seó na Nollag, Peter Pan, ar stáitse go dtí Dé Sathairn seo chugainn, 8 Nollaig.

Is í Treasa Ní Thiarnáin atá mar stiúrthóir ar Peter Pan agus is iad páistí na Gaillimhe atá sna príomhpháirteanna sa dráma: Emily Ní Bhrosnacháin mar Tink, Gillian Ní Dubháin mar Peter, Ciara Ní Mhaoldomhnaigh mar Wendy, Ruairí Mac Seoinín mar Mr. Darling agus Yasmin Rather mar Mrs. Darling.

Tá Morgan Cooke i mbun chúrsaí ceoil, le ceol nuachumtha aige don léiriú seo, agus is í Kate Upton atá i mbun cóiréagrafaíochta ar an dráma.

Tosaíonn an seó ag 7.30i.n. gach oíche, ach amháin ar an Satharn, áit a mbeidh matinee ag 3.00i.n. Tá ticéid, €10/€5, ar fáil ón Taibhdhearc ag 091 562024 agus www.antaibhdhearc.com

 

Page generated in 0.3061 seconds.