An Scorach sa Taibhdhearc

Léireoidh Taibhdhearc na Gaillimhe An Scorach le Paraic Breathnach ón 13 – 17 Samhain, an chéad léiriú de chuid na Taibhdheirce san amharclann athchóirithe.

Déanann An Scorach ceiliúradh ar laoch a sheas in aghaidh an Tiarna Talún agus na n-údarás in aimsir an drochshaoil i gConamara. Nuair a bhí muintir an cheantair ag fáil bháis leis an ocras mharaigh an Scorach tarbh an Tiarna agus thug sé beatha do na daoine. Is seanscéal é seo a mhair i mbéal na ndaoine agus sa léiriú seo baintear úsáid as gach gné den drámaíocht le fírinne — nó áibhéil an scéil a aimsiú. Tá an scéaldráma seo léirithe ar bhealach le gur féidir lucht féachana ar bheagán Gaeilge spraoi a bhaint as, le béim ar an gceol agus ar an amhránaíocht leis an scéal seo a insint.

Sa léiriú seo is é Paraic Breathnach féin atá á stiúradh, Dara McGee a dhear an seit, Mike Byrne atá i mbun dearadh soilse, agus sa chliar tá Séamus Ó hAodha, Féilim Ó hAoláin, Neasa Ní Chuanaigh, Áine Ní Dhroighneáin, Micheál Ó Dubhghaill, Dónall Ó hÉalaí, Áine Ní Laoghaire, Peadar Ó Treasaigh, agus Lúc Ó Riada. Is é an boscadóir Colm Gannon a bheidh i bhfeighil an cheoil.

Is féidir ticéid a chur in áirithe ag 091 562024.

 

Page generated in 0.3325 seconds.