Ceardlann Scríbhneoireachta an Fhómhair

Beidh an grúpa Scríbhneoirí Gaeilge ag eagrú a chéad cheardlann scríbhneoireachta eile ar an Satharn 17 Samhain in Áras na nGael, 45 Sr Doiminic ó 10.30rn - 5.00in.

Is iad Mícheál Ó Ruairc, gearrscéalaí agus úrscéalaí, Pádraig Ó Snodaigh, file agus foilsitheoir, agus Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA, a bheidh i mbun na hócáide seo. Is é is mó a bhíonn i gceist leis an gceardlann ná comhluadar agus aisfhreagra: léann na scríbhneoirí giotaí dá saothair féin agus faigheann siad aisfhreagra, bíodh sin ina cheist nó ina mholadh feabhsaithe óna gcomhscríbhneoirí. Cuirfear fáilte roimh scríbhneoirí óga agus roimh scríbhneoirí seanbhunaithe, agus go háirithe rompu san atá ag tabhairt faoin gceird don chéad uair. Féachtar chuige go bhfaigheann gach duine a sciar féin d’aird ón gcomhluadar i gcaitheamh an lae.

Chun clárú ní mór cóip den saothar atá le plé: 3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile a sheoladh chuig [email protected]. Tá táille cláraithe €20 (€5 do mhic léinn ) le n-íoc, agus tá lón san áireamh sa táille sin.

Breis eolais ó Phádraig Mac Fhearghusa ag [email protected]

 

Page generated in 0.3194 seconds.