Dlúthdhiosca Rí Rá le scaipeadh le Foinse

Tá dlúthdhiosca Rí Rá le fáil saor in aisce ó oifig Chonradh na Gaeilge i nGaillimh. Tá ceoltóirí móra na linne seo, Bell X1, The Coronas, The Kanyu Tree, agus Delorentos i measc iad siúd atá le cloisteáil ar albam oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2012.

Sheol Hector Ó hEochagáin an dlúthdhiosca, Rí Rá le Hector, agus bhí sé ar fáil saor in aisce le Foinse agus an Irish Independent an tseachtain seo caite.

“Faigh é, seinn é agus bíodh sé in aice leis an steirió don bhliain. Is í Éire ár dtír agus is í an Ghaeilge ár dteanga. Bíodh bród orainn,” a dúirt Hector agus é ag seoladh an dlúthdhiosca.

Is féidir cóip a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sr Doiminic, 091 567824 nó [email protected]. Tá sé ar fáil freisin ar shuíomh Raidió Rí Rá ag www.rrr.ie

 

Page generated in 0.3408 seconds.