Leathmharatón d’Ospidéal Shráid Temple

Tá Aer Árann Islands i mbun na socruithe deireanacha don leathmharatón atá á eagrú acu ar Inis Mór ón 13 – 15 Aibreán. Tá an ócáid bhliantúil seo á eagrú ar mhaithe le hairgead a bhailiú d’Ospidéal na Leanaí i Sráid Temple.

Tá teorainn de 150 leis an méid daoine ar féidir clárú don imeacht seo, mar sin, moltar do reathaithe a n-ainmneacha a chlárú agus foirm iarratais a sheoladh ar aghaidh chomh luath agus is féidir.

Ní mór do gach rannpháirtí €650 a bhailiú don charthanacht, agus san áireamh ansin gheobhaidh siad eitiltí fillte go dtí an t-oileán, dhá oíche leapa & bricfeasta, dhá bhéile tráthnóna agus ar ndóigh rachaidh an brabach ar fad go dtí Ospidéal na Leanaí i Sráid Temple.

Tá an t-eolas ar fad ar fáil ar www.aerarannislands.ie

 

Page generated in 0.2864 seconds.