Raidió na Gaeltachta 1972-2012

Ba ar Dhomhnach Cásca, 2 Aibreán 1972, a thosaigh Raidió na Gaeltachta ag craoladh don chéad uair, lá stairiúil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Bunaíodh an Raidió mar thoradh ar fheachtas Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus don chéad uair riamh bhí a stáisiún raidió féin ag pobal na Gaeltachta. Ní bhíodh sé ar an aer ach ar feadh beagáinín os cionn dhá uair an chloig sa lá i dtús aimsire, agus é le cloisteáil sna ceantair Ghaeltachta amháin.

Diaidh ar ndiaidh, tháinig méadú ar na huaireanta craolta agus ar an réimse cláir ar an stáisiún agus anois bíonn Raidió na Gaeltachta ag craoladh 24 uair sa lá, seacht lá na seachtaine, go náisiúnta agus ar fud ar domhan ar chóras satailíte agus ar an idirlíon.

Chun ceiliúradh a dhéanadh ar 40 bliain an raidió tá sraith chláir agus imeachtaí speisialta beartaithe do na míonna amach romhainn. Ar Dhomhnach Cásca, 8 Aibreán, beidh ócáid phobail ar an gCeathrú Rua, leis an gclár Togha agus Rogha á chraoladh beo ón Ródaí ag Óstán an Cheathrú Rua agus blaiseadh le nithe agus ceol san óstán ina dhiaidh sin. Beidh coirmeacha ceoil éagsúla le cloisteáil chomh maith sna míonna seo romhainn mar chuid den cheiliúradh, agus tabharfaidh Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUiginn cuairt ar Chasla i mí na Bealtaine.

I gclár speisialta ar Dé Luain seo chugainn, 2 Aibreán, cothrom an lae a bunaíodh an raidió, tiocfaidh cúigear den seachtar craoltóir a thosaigh leis an tseirbhís nua isteach sa stiúideo i gCasla chun labhairt ar a ar a gcuid cuimhní cinn ón uair sin agus ar a dtréimhse féin ag obair leis an Raidió.

Faoi agallaimh ag Seán Ban Breathnach, cloisfear Breandán Feiritéar, Timlín Ó Cearnaigh, Maidhc P Ó Conaola, Seán Ó Tuairisg agus Máirtín Ó Fátharta, agus craolfar an clár sin ag 3.00in.

 

Page generated in 0.3497 seconds.