25,000 ag rith ar son na Gaeilge

Ghlac breis agus 25,000 duine páirt i Rith 2012, ollrith 700km ar son na Gaeilge a bhí ar siúl mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, bainisteoir Rith 2012: "Is ardú croí dúinn ar fad gur tháinig na mílte agus na mílte daoine amach ar bhóithre na hÉireann chun tacú leis an teanga do Rith 2012 mar chuid speisialta de Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

“Bhí níos mó ná 500 grúpa éagsúla, idir scoileanna, ghrúpaí pobail áitiúla, chlubanna spóirt, agus go leor leor eile i measc iad siúd a cheannaigh ciliméadar agus a bhí páirteach i Rith 2012 ón am a thosaigh an Rith i nGaoth Dobhair, ar an 8 Márta, go dtí gur chríochnaigh sé ar Oileán Árainn ar Lá Fhéile Pádraig."

Is féile dhébhliantúil é Rith a bunaíodh i 2010 agus í mar aidhm aige an Ghaeilge a cheiliúradh sa phobal ar bhealach físiúil, gníomhach agus nualaíoch; tá sé mar aidhm ag an bhféile freisin airgead a chruinniú do thionscadail phobail na Gaeilge ag an am céanna.

Ghlac 20,000 duine páirt sa chéad Rith a reáchtáladh in Éirinn i 2010, ach is léir go raibh borradh mór ar líon na ndaoine a ghlac páirt i Rith 2012,

Féadfaidh daoine fós a gcuid tacaíochta a léiriú trí chiliméadar a cheannach ar-líne ag www.rith.ie Déantar an brabús ar fad ó Rith a chur ar ais sna pobail áitiúla le tacú leis an nGaeilge ag an leibhéal áitiúil.

 

Page generated in 0.2887 seconds.