Oíche na bhfoghlaimeoirí

Tá na spásanna deireanacha á líonadh faoi láthair i ranganna Gaeilge Chonradh na Gaeilge, ranganna a bheidh ag tosú ar an Luan seo chugainn, 23 Eanáir. Is féidir eolas a fháil ach glaoch ar 091 567824 nó is féidir clárú ar líne chomh maith ag www.cnag.ie Más duine thú atá ag freastal ar ranganna Gaeilge nó má tá tú ag iarraidh an teanga a labhairt agus cur le do stór focail, ba chór cuairt a thabhairt ar Oíche na bhFoghlaimeoirí i gClub Áras na nGael. Bíonn an ócáid seo á reáchtáil gach oíche Chéadaoin ag Conradh na Gaeilge chun deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí bualadh le chéile i gcomhluadar foghlaimeoirí eile agus taitneamh a bhaint as ócáid shóisialta spraíúil trí Ghaeilge. Is í Eilís Ní Dhúil bean an tí na hócáide agus cinntíonn sí go mbíonn gach duine ar a suaimhneas agus bíonn sí ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt mar is gá.

Cuirtear tús leis an oíche ag 9.15i.n. agus tá sé saor in aisce. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach glaoch ar 091 567824 nó [email protected]

 

Page generated in 0.3121 seconds.