Athbhreithniú ar an Acht Teanga

Tá deis anois ag pobal na tíre a dtuairimí a chur ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar chuid den athbhreithniú ar an Acht atá fógartha ag an Rialtas. Tá go dtí 31 Eanáir ag daoine a dtuairimí agus a mholtaí a chur ar fáil do Roinn na Gaeltachta. Is féidir é seo a dhéanamh trí shuirbhé ar líne a chomhlíonadh maidir leis an Acht reatha agus freisin trí aighneacht a dhéanamh maidir le hathruithe a rachadh chun tairbhe spriocanna an tAcht Teanga a bhaint amach, sé sin cur leis an leibhéal seirbhíse a chuireann an stát ar fáil do phobal na Gaeilge.

Is féidir teacht ar an suirbhé agus foirm shamplach le haghaidh aighneacht ar shuíomh na Roinne ag www.pobail.iewww.ahg.gov.ie Is féidir brú ar an nasc Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ar an leathanach baile. Tá teacht ansin freisin ar théarmaí tagartha don athbhreithniú agus eolas eile faoin Acht féin. Ar ndóigh tá eolas cuimsitheach faoi fheidhmiú an tAcht Teanga ar fáil ar shuíomh an Choimisinéara Teanga ag www.coimisineir.ie Cé go bhfáiltíonn pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta roimh an athbhreithniú, tá buairt ollmhór ann gurb ionann an t-athbhreithniú seo agus iarracht a dhéanamh lagú a dhéanamh ar an Acht agus ach go háirithe lagú a dhéanamh ar an tsárobair atá ar siúl ag Oifig an Coimisinéir Teanga. Is léir le tamall anuas go bhfuil cigireacht na hoifige sin ag cur as go mór don chóras stáit, córas a rinne neamhaird iomlán ar chearta phobal na Gaeilge roimh achtú an tAcht Teanga.

Tá dearcadh Fhine Gael agus páirtí an Lucht Oibre ar thodhchaí iomlán an tAcht Teanga le ceistiú freisin i bhfianaise chinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga sa Spidéal a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman. Is léir áfach, agus é admhaithe ag an Aire Stáit Dinny McGinley sa Dáil gur mó séanas go mbeidh costas breise ar an stát mar thoradh ar an gcinneadh, nach sábháil airgid a bhí mar bhunús an cinneadh seo.

Bunaithe ar chruinniú poiblí a eagraíodh i nGaillimh roimh Nollaig tá iarrtha ag pobal na Gaeilge ar an Rialtas an cinneadh seo a aistharraingt. Níl freagra faighte ar an iarratas seo fós ach is cinnte anseo san Iarthar go mbeidh súil ghéar á choinneáil ar an leibhéal tacaíochta a bheidh ar fáil d’Oifig an Coimisinéir Teanga ó Theachtaí Dála an Rialtais sa Dáilcheantar seo, Seán Kyne, Brian Walsh agus Derek Nolan.

 

Page generated in 0.1931 seconds.