Imní faoi scoileanna beaga Gaeltachta

Tá tréimhse dhúshlánach roimh phobal na Gaeltachta más mian leo cosaint a dhéanamh ar an gcóras oideachais ar an mbunléibheáil. Tá an ghéarchéim nua ag eascair as cinneadh an tAire Brendan Howlin, mar chuid den cháinfhaisnéis.

Moladh sa cháinfhaisnéis go n-ardófar an cóimheas idir múinteoirí agus daltaí i scoileanna beaga le níos lú ná ceathrar múinteoir fostaithe ann.

Dar le Treasa Ní Mhainín ó Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, “Tá an baol ann go ndúnfar suas go 91 bunscoil Ghaeltachta a bhfuil 86 nó níos lú dalta ag freastal orthu laistigh de thréimhse an-ghearr má leantar leis na rialacha nua atá molta.”

Anseo san Iarthar tá baol ann go bhfágfar go leor ceantar Gaeltachta le scoileanna folamh agus go mbeidh poist i mbaol má dhéantar cónascadh ar scoileanna beaga.

Ach, mar atá feicthe go minic cheana, is féidir dochar mór a dhéanamh don Ghaeilge féin má dhéantar cónascadh ar scoileanna beaga. Go hiondúil is iad na scoileanna beaga is láidre ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh na staire de feictear go lagaítear an Ghaeilge go mór nuair a bhrúitear isteach iad le scoileanna móra.

Tá fearg ollmhór léirithe ag tuismitheoirí agus múinteoirí agus na pobail éagsúla ar fud an Iarthair faoin gcinneadh seo atá déanta ag Fine Gael agus an Lucht Oibre. Agus bliain úr romhainn is léir anois go bhfuil troid mhór le déanamh ag pobal na Gaeltachta.

 

Page generated in 0.3171 seconds.