Spriocdháta do scrúduithe TEG

Beidh scrúdú C1 Teastas Eorpach na Gaeilge ar siúl in Ollscoil na hÉireann Má Nuad ar an 27 agus 28 Eanáir 2012. Is cáilíocht é seo do dhaoine gur mhaith leo cruthúnas a bheith acu ar a gcuid ardscileanna teanga.

Bheadh cáilíocht C1 ina bhuntáiste do dhaoine atá ag obair leis an nGaeilge cheana féin nó gur mhaith leo a bheith ag obair le Gaeilge sa todhchaí, ar mhian leo cruthúnas a fháil ar a gcumas sa Ghaeilge. Ba mhór an buntáiste an cháilíocht seo chomh maith do mhúinteoirí gur mhian leo cúrsaí ag leibhéal C1, agus leibhéil eile TEG, a mhúineadh amach anseo.

Is é an 9 Eanáir an spriocdháta d’iarratais. Tuilleadh eolais ar www.teg.ie nó glaoigh ar (01 ) 7086417.

 

Page generated in 0.2839 seconds.