Ceardlanna Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude

Tá trí cheardlanna scríbhneoireachta trí Ghaeilge á reáchtáil ag Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude an geimhreadh seo. Beidh na ceardlanna ag díriú ar scríbhneoireacht don amharclann agus don teilifís. Beidh an chéad cheann ar siúl Dé Sathairn 29 Samhain le Darach Mac Con Iomaire, iar-stiúrthóir ealaíne na Taibhdheirce, ag plé an téama Ag Scríobh don Stáitse: cúrsa tosaigh.

Beidh na ceardlanna eile ar siúl i mí Eanáir, Ag Scríobh don Teilifís: cúrsa tosaigh le hAilbhe Nic Giolla Bhríghde, agus díreoidh an tríú cheardlann ar scríbhneoireacht a thrasnaíonn an dá réimse agus é faoi stiúir Dhiarmuid de Faoite.

Beidh táille €20 an cheardlann i gceist nó €50 chun freastal ar na trí cinn acu. Tá tuilleadh eolas le fáil ó Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude, 27 Oileán Ealtanach, (091 ) 533594, nó [email protected].

 

Page generated in 0.2706 seconds.