Cearta teanga do dhéagóirí

Sheol an tAire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tionscnamh oideachais nua ar chearta teanga atá curtha le chéile ag Oifig an Coimisinéir Teanga, ag ócáid i nGaillimh Dé Máirt seo caite.

Tá an acmhainn oideachais seo á chur ar fáil lena úsáid mar chuid den chúrsa san Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP ) sa Teastas Sóisearach.

Forbraíodh an acmhainn oideachais i dteannta leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí agus cuireadh an pacáiste ar fáil do scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Sraith d'ocht gcinn de cheachtanna scoile chomh maith le rogha de chúig cinn de thionscadail ghníomhaíochta atá i gceist. Tá an pacáiste foghlaim ghníomhaíochta seo go hiomlán dátheangach agus áirítear ann leabhar don mhúinteoir, póstaeir, CD, DVD de ghearrthóga físe agus acmhainn ar-líne.

Is féidir cóip den acmhainn oideachas nua a fháil ach teagmháil a dhéanamh le hoifig an Coimisinéir Teanga ag (091 ) 504006 nó www.coimisineir.ie

 

Page generated in 0.3096 seconds.