Sceideal an Fhómhair RnaG seolta

Tá sceideal an Fhómhair de chuid Raidió na Gaeltachta faoi lán seoil le seachtain anuas. Beidh buaiteoir Pearsa Raidió Na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Eibhlín Ní Chonghaile, ar ais gach maidin seachtaine lena clár Iris Aniar, chomh maith le hÁine Ní Churráin i nDún na nGall ag caint ar scéalta nuachta na seachtaine ar Bharrscéalta. Beidh Rónán Mac Aodha Bhuí ag filleadh ag 3.00 – 5.00in gach lá idir Máirt agus Aoine freisin, agus é ag cur siamsaíochta idir chaint, chomórtais agus cheol i láthair a luchta éisteachta.

Beidh tús á chur ag Anna Ní Bhroin le Sláinte Mhaith, clár nua ina ndírítear ar gach ábhar a bhaineann le sláinte agus aclaíocht phearsanta an duine. Ceapadh Eagraí Polaitíochta nua ar Raidió na Gaeltachta le déanaí, agus is í Beirní Ní Chuinn a choinneoidh éisteoirí ar an eolas maidir leis an rás d’Áras an Uachtaráin an mhí seo chugainn, chomh maith le mórchúrsaí polaitíochta eile fud fad na tíre.

Is féidir podchraoltaí de na cláir is ansa leat a íoslódáil ar líne agus tá sceideal iomlán Raidió na Gaeltachta ar fáil ag www.rte.ie/rnag

 

Page generated in 0.2792 seconds.