Is leor beirt

Tá Conradh na Gaeilge ag ullmhú liosta d’ionaid breise don scéim Is Leor Beirt. Mar bhunús na scéime eagrófar ionaid inár bhféidir le daoine bualadh le chéile le haghaidh gnáth sos caife nó lón ag am agus ar lá cinnte gach seachtain nó mí. Sna hionaid seo beidh ar a laghad beirt chainteoir Gaeilge a chuirfidh fáilte roimh dhaoine eile.

Tá fáilte roimh ghrúpaí nua ceangail leis an scéim agus is féidir é sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le Bairbre Ní Fhlatharta ó Chonradh na Gaeilge, (091 ) 567824 nó [email protected]

 

Page generated in 0.3195 seconds.