Ciorcal comhrá Samhraidh

Tá Gaeilge Locha Riach ag eagrú ciorcal comhrá do mhic léinn meánscoile i mí Iúil agus Lúnasa. Beidh an ciorcal comhrá dírithe ar mhic léinn sa chéad bhliain agus sa dara bliain agus tá sé mar aidhm aige deis a thabhairt dóibh Gaeilge a labhairt le daoine óga eile in atmaisféar neamhfhoirmiúil. Is iad na mic léinn féin a dhéanfaidh an comhrá a stiúradh agus beidh duine óg ar ardchumas Gaeilge i láthair freisin chun cabhrú leo.

Beidh an ciorcal comhrá ar siúl gach Céadaoin ó 3.30 - 4.30in, i mBaile Locha Riach, ar chostas €2 sa tseachtain. Gach eolas ó (091 ) 870718 nó [email protected]

 

Page generated in 0.3276 seconds.