Céim sa Ghaeilge fheidhmeach

Tá céim nua sa Ghaeilge fheidhmeach fógartha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus ag Roinn na Gaeilge.

Tá an chéim nua seo dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta atá ag obair go lánaimseartha agus atá ag iarraidh céim ollscoile a bhaint amach. Bainfear leas as teicneolaíochtaí nuálacha leis an gcéim, mar a bheidh an chéim á chur ar fáil ar an idirlíon den chuid is mó, agus dá réir sin beidh deis ag na mic léinn a gclár ama staidéir féin a leagan amach. Ní bheidh scileanna ríomhaireachta riachtanach le tabhairt faoin gcéim mar go dtabharfar an oiliúint ríomhaireachta chuí do na rannpháirtithe ag tús an chúrsa.

Cuirfear an chéim ar fáil in ionaid ar fud na tíre ag brath ar éileamh agus clúdóidh an siollabas réimse leathan ábhar sa Ghaeilge chomhaimseartha. Cuirfear béim ar leith ar an litríocht, ar chultúr agus ar chomhthéacs comhaimseartha agus clúdófar scileanna proifisiúnta chomh maith.

Tá eolas faoin chéim nua le fáil ag www.nuigalway.ie/acadamh

 

Page generated in 0.3294 seconds.