Marcus in Ardeaglais san Nioclás

Seolfar An Chearc Fraoch, leabhar nua de cheol Mharcus Uí Iarnáin, ag ceolchoirm a bheidh ar siúl in Ardeaglais san Nioclás i gcathair na Gaillimhe oíche Déardaoin seo chugainn, 30 Meitheamh. Cuirfear tús leis an gceolchoirm ag 8.00in, áit a mbeidh slua mór ceoltóirí ag seinm in éindí le Marcus, ina measc an tUrramach Gary Hastings, reachtaire Ardeaglais san Nioclás.

Is leabhar gleoite é An Chearc Fraoch, leabhar ina bhfuil 25 píosa ceol ar fáil, iad ar fad ainmnithe i ndiaidh éin dhúchasacha, le grianghraf nó léaráid de gach éan taobh le taobh leis an bpíosa ceoil, chomh maith le cur síos beag ar an éan freisin.

Tá an ceol uilig sa leabhar cumtha ag Marcus Ó hIarnáin, fear gurb as Roisín na Mainiach i gCarna ó dhúchas é. Chaith Marcus tréimhse i Londain sna hochtóidí ach tá sé ar ais ina áit dúchais arís agus a ghnó féin aige ansin ag déanamh feadóga móra. Tá cáil ar Mharcus mar cheoltóir a bhfuil a chroí is a anam sa cheol agus mar dhuine a bhfuil dúil faoi leith aige sa saibhreas agus sa dúchas as ar saolaíodh é féin. Tá cáil ar Mharcus freisin mar dhuine atá dúil aige an saibhreas sin a roinnt ar an nglúin óg, bíodh sé a chlann féin, Breandán agus Proinsias, nó na ceoltóirí óga ar fad a bhainfidh tairbhe as an gceol atá curtha ar fáil aige anois le foilsiú An Chearc Fraoch.

 

Page generated in 0.3224 seconds.