App nua do Raidió Rí Rá

Tá leagan úr den app chun éisteacht le Raidió Rí Rá ar d’fhón phóca ar fáil anois. Tá na mílte daoine tar éis feidhmhchlár Raidió Rí Rá don iPhone a íoschóipeáil in aisce ó iTunes ó seoladh é ag tús 2010, agus is féidir le héisteoirí éisteacht leis an gcairtstáisiún Gaeilge tríd an iPhone ag am ar anois, leis an app nua seo.

Is é Raidió Rí Rá an t-aon stáisiún a sheinneann ceol ó na cairteacha ar fad trí mheán na Gaeilge tríd an bhliain ar fad ar líne ag www.rrr.ie, le cláir á gcur i láthair ag an óige, don óige. Tá súil ag an cairtstáisiún go gcuirfidh app nua Raidió Rí Rá i mbarr 25 na gcairteacha íoslódála iTunes.

Dúirt Aodhán Ó Deá, láithreoir Raidió Rí Rá, “Tá Raidió Rí Rá ag dul ó neart go neart le tamall anuas agus theastaigh uainn feidhmchlár an stáisiúin a fhorbairt chun sin a chur in iúl dár lucht éisteachta iPhone. Leis an nuashonrú seo, táimid ag iarraidh ar éisteoirí a rá lena gcairde go bhfuil áis iontach cheoil agus Ghaeilge ar fáil dóibh ó Raidió Rí Rá gan costas ar bith, agus iad a spreagadh leis an app a íoschóipeáil in aisce ó www.rrr.ie/iphone/” Tá obair idir lámha ag Raidió Rí Rá chun feidhmchlár Android a fhorbairt faoi láthair, tá an cairtstáisiún ag amharc ar fhéidearthachtaí dul ar an gcóras DAB agus tá siad ag dul i dtreo na teilifíse digití amach anseo chomh maith. D'eisigh Raidió Rí Rá Albam Rí-Rá i gcomhar leis an Irish Daily Star i mí an Mhárta, albam le hamhráin ó na cairteacha aistrithe go Gaeilge ag leithéidí The Rubberbandits, The Coronas, Fox Avenue agus eile.

 

Page generated in 0.3184 seconds.