€5,000 bronnta ag na mic léinn

Tá seic ar luach €5,000 bronnta ag mic léinn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua ar Choiste Tuismitheoirí Scoil Chuimsitheach na Ceathrún Rua, airgead a bailíodh i rith Sheachtain na Mac Léinn san Acadamh.

Tá feachtas bailiúchán airgid ar bun faoi láthair ag Coiste na dTuismitheoirí agus cabhróidh an t-airgead le háiseanna spóirt a fheabhsú agus a fhorbairt sa scoil. Bhí mic léinn agus foireann an Acadaimh le feiceáil thart timpeall na Ceathrún Rua le linn Sheachtain na Mac Léinn ag bailiú airgid, go háirithe ar an Máirt, 15 Márta mar a rinne siad brú leapa ó TG4 anoir go dtí An Cheathrú Rua.

Ba seo an cúigiú Seachtain na Mac Léinn ar an gCeathrú Rua. Cuireann mic léinn agus foireann an Acadaimh an-bhéim ar chúrsaí carthanachta agus le cúig bliana anuas, tá suas le €25,000 bailithe ag muintir an Acadaimh do ghrúpaí carthanachta áitiúla. “Táimid thar a bheith buíoch díobh siúd ar fad a thug tacaíocht dúinn”, a dúirt Oifigeach na Mac Léinn, Louise Ní Dháibhéid. “Tá airgead gann ar dhaoine faoi láthair ach níor loic muintir na háite agus táimid an-sásta leis an méid a bailíodh i bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta.”

 

Page generated in 0.3501 seconds.