Gradaim chumarsáide an Oireachtais

Tá Mícheál Ó Muircheartaigh ar dhuine díobh siúd atá ainmnithe ar an ngearrliosta don Ghradam Saoil ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, comórtas atá á eagrú i gcomhar le Gala. Is in Óstan an Meyrick i nGaillimh a bheidh searmanas bronnta na ngradam ar an 27 Bealtaine, agus láithreoir Four Live, Maura Derrane, mar bhean an tí.

Lena gradaim seo déantar ceiliúradh ar na láithreoirí, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta clár ar an raidió agus ar an teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimse mheáin chumarsáide na Gaeilge le bliain anuas. Tá Gala i mbun urraíochta ar na gradaim don dara bliain as a chéile.

Mar chuid den chomórtas Gradaim seo tá Gala, i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge, ag iarraidh teacht ar Ghael-Réalta Gala na Bliana. Is iad Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Síle Seoige, Dáithí Ó Sé, agus Eimear Ní Chonaola atá ainmnithe don ghradam agus is trí vótáil an phobail a roghnaítear an buaiteoir. Beidh an vótáil ar siúl go dtí an 6 Bealtaine agus is féidir vóta a chaitheamh ar www.gala.iewww.facebook.com/galaretail

 

Page generated in 0.2520 seconds.