Saol Chick as Gaeilge

Déanfar an dlúthdhiosca Saol Chick a sheoladh i gClub Áras na nGael tráthnóna amárach, Dé hAoine 29 Aibreán ag 7.00in. Déanann an dlúthdhiosca cur síos i nGaeilge ar shaol Chick Gillen, duine de na daoine is cáiliúla i gcathair na Gaillimhe.

Seoladh an leagan Béarla den dlúthdhiosca os cionn bliain ó shin agus sa leagan sin ba é glór Chick féin a bhí le cloisteáil, ach sa leagan Gaeilge is é Mick Hannon atá ag glacadh páirte Chick agus é faoi agallamh ag Philip Cribbin. Clúdaíonn siad gach gné de shaol Chick, óna óige go dtí a shaol mar bhearbóir i Sráid Doiminic agus ar ndóigh an dúil a bhí aige ar feadh a shaol i gcúrsaí spóirt, ach go háirithe cúrsaí dornálaíochta, agus an obair iontach a rinne sé lena glúine d’ógánaigh na Gaillimhe.

Is é Gaillimheach eile, Dickie Byrne, a dhéanfaidh an dlúthdhiosca a sheoladh agus deir Seán Garvey, atá i mbun an tionscnaimh seo, go mbeidh fíorchaoin fáilte roimh gach duine ag an ócáid seolta. Beidh an dlúthdhiosca ar díol ar €5 agus rachaidh an brabach ar fad don Notre Dame de Lourdes, Gaillimh.

 

Page generated in 0.3065 seconds.