Bean an Tí sa Chistin

Agus mná tí na Gaeltachta go mór sa nuacht agus iad ag troid in aghaidh pholasaí Ghaeilge Fhine Gael, seans go gcuirfear spéis faoi leith sa tsraith Bean an Tí sa Chistin, sraith nua atá le craoladh ar TG4.

Cuirfear tús leis an tsraith nua cócaireachta seo ar Déardaoin 24 Feabhra ag 8.00in. Beidh comórtas cócaireachta nó ‘cook-off’ idir bheirt ‘bean an tí’ ó choláistí samhraidh Gaeltachta éagsúla chun béile a réiteach do sheisear Gaeilgeoir. Is é an craoltóir Pádraig Ó Sé a bheidh ag cur na sraithe i láthair, agus a bheidh ag tabhairt cabhair do na mná tí nuair a theastaíonn sé uathu.

Beidh ar na mná tí dinnéar agus milseog a réiteach, mar a dhéanfaidís nuair atá Gaeilgeoirí acu. Is béilí teaghlaigh iad, ‘one-pot wonders’; a d’fhéadfadh aon duine a réiteach tar éis lá oibre. Blaisfidh seisear Ghaeilgeoir den dá bhéile agus roghnóidh siad cén béile is fearr leo. Cibé bean an tí a roghnóidh siad, rachaidh sí ar aghaidh chuig an chéad bhabhta eile agus gheobhaidh sí seans ar dhuais de chúrsa cócaireachta i scoil chócaireachta Ballymaloe a bhuachan ag deireadh na sraithe.

 

Page generated in 0.2751 seconds.