Litir chuig Enda

Tá litir, sínithe ag ionadaithe eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, aontais mac léinn, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta, seolta chuig Enda Kenny, ceannaire Fhine Gael, ag éileamh air polasaí an pháirtí, stádas na Gaeilge don ardteist a ísliú tríd an ábhar a dhéanamh roghnach, a chur ar leataobh agus seasamh taobh thiar di mar chroí-ábhar don ardteist a dhéanfaidh gach mac léinn staidéar uirthi.

Deir an litir go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha ann dá mbeadh an polasaí curtha i bhfeidhm. “De réir a chéile bheadh laghdú suntasach ar an líon daoine le Gaeilge, an líon daltaí ag freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht (agus bheadh drochimpleachtaí aige sin ar gheilleagar agus todhchaí na Gaeltachta ), an líon mac léinn ag staidéar Gaeilge sa tríú leibhéal, an líon daltaí dara leibhéal incháilithe le bheith mar mhúinteoirí. Chaillfeadh múinteoirí dara leibhéal Gaeilge a bpoist de réir a chéile agus bheadh easpa múinteoirí d’ábhair eile ar fáil le Gaeilge don scolaíocht trí mheán na Gaeilge.”

Luaitear sa litir an taighde atá ar fáil ó Shasana, áit a raibh titim thubaisteach ann i 2001 nuair a rinneadh teangacha roghnach don GCSE. Thit an líon daltaí ag staidéar teangacha go tubaisteach ó 78% i 2001 go 44% i 2010 (anuas air sin, bheadh an líon i bhfad níos ísle fós, murach roinnt mhaith scoileanna príobháideacha ag coinneáil teangacha éigeantach ).

Deirtear sa litir freisin go mba chóir “a thabhairt san áireamh chomh maith nuair a baineadh an riachtanas Ghaeilge sa stát seirbhís i 1974 baineadh de réir a chéile an cumas a bhí ag an stát seirbhís le seirbhís iomlán a chur ar fáil trí Ghaeilge. Mar shampla, níl ach 1.5% d’fhoireann an Roinn Oideachais agus Scileanna anois in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge in ainneoin tuairim Fhine Gael i 1974 go mbeadh bláthú ar úsáid na Gaeilge sa stát seirbhís, mar a dúirt an tAire Richie Ryan ar an 5 Nollaig 1974, ‘Tá an Rialtas lánmhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di.’”

Tá iarrtha sa litir go gcasfaidh Enda Kenny ar bhun práinne le toscaireacht ón liosta mór eagraíochtaí a bhfuil a ainm curtha acu leis an litir.

 

Page generated in 0.3500 seconds.