Gradam Uí Ógartaigh

Tá Gaillimh le Gaeilge, i bpáirt le buaiteoir Ghradam Uí Ógartaigh na bliana anuraidh, Bácús Uí Ghríofa, ag eagrú ócáid eolais tráthnóna inniu, Déardaoin 27 Eanáir, ó 6.30i.n. go 7.30i.n. i mBácús Uí Ghríofa, Sráid na Siopaí.

Is deis é seo chun casadh le hiarrbhuaiteoir an chomórtais agus fáil amach cén chaoi ar éirigh leo an gradam a bhaint amach. Déanfaidh moltóirí an ghradaim cur síos ar an bpróiseas moltóireachta agus beidh foireann Ghaillimh le Gaeilge ar fáil le haon cheisteanna a fhreagairt agus le cabhrú leat ullmhú don ghradam. Tá fáilte roimh chách. Eolas breise ó (091 ) 568876 nó www.gleg.ie

 

Page generated in 0.3105 seconds.