Mise Raiftearaí – An Fíodóir Focal

Craolfar clár speisialta faoin bhfile agus cumadóir amhrán, Antoine Raiftearaí ar TG4 ar oíche chinn bliana, 31 Nollaig, ag tosú 7.45in.

Is beag duine nach bhfuil cúpla líne d’fhilíocht nó d’amhráin Raiftearaí ar eolas acu, ach tá eolas cruinn ar an bhfear féin gann go leor. Sa chlár faisnéise seo, téann Tadhg Mac Dhonnagáin, cumadóir eile as Maigh Eo, sa tóir ar scéal an fhile agus faigheann amach gur saol corrach, conspóideach a chaith sé, ag fánaíocht agus ag cumadh amhrán agus “ag seinm cheoil do phócaí folmha” go dtí gur bhásaigh sé 175 bliain ó shin an Nollaig seo.

Craolfaidh TG4 clár spéisiúil eile, An tÉireannach Fáin, san oíche anocht, Déardaoin 30 Nollaig, ag tosú ag 9.00in. Sa chlár nua seo le Macdara Ó Curraidhín faigheann muid scéal Robert Flaherty, fear a bhfuil cáil air an taobh seo tíre mar léiritheoir an scannáin Man of Aran.

Ach tá sé de cháil ar Robert Flaherty freisin gur eisean ba thúisce a d’úsáid genre an scannán faisnéise mar mhodh inste scéal agus go raibh tionchar aige ar thionscal na scannánaíochta ar fud an domhain. Meiriceánach ab ea é a rugadh in 1884 agus a bhain cáil amach i dtús mar thoradh ar staidéar a rinne sé ar an saol san Artach, Nanook of North, sa bhliain 1921.

Nuair a tháinig O Flaherty go hÉirinn i 1934 dá mhórshaothar eile Man of Aran chuir sé a chruth féin ar ghnéithe áirithe den saol ansin agus ní gá gur léiriú fíorasach a bhí ann. Tugann an clár nua seo deis dúinn léargas a fháil ar shaol agus ar shaothar an Fhlathartaigh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a oidhreacht.

 

Page generated in 0.3467 seconds.