Todhchaí an Oireachtais i mbaol

“Níl mé in ann todhchaí an Oireachtais a fheiceáil faoin gcur chuige seo ina mbeadh muid ag brath ar chinneadh a dhéanfadh grúpa anaithnid ó am go ham i dtaobh tacaíocht airgid a thabhairt, nó a dhiúltú, dár n-iarratas. Faoin gcur chuige seo bheadh éagóir dhochreidte á dhéanamh ar Oireachtas na Gaeilge, institiúid a bunaíodh in 1897, 113 bliain ó shin, agus a bhí ceannródaíoch i gcothú measa agus ómóis ar an nGaeilge, ar nualitríocht na Gaeilge, ar chultúr na Gaeilge, agus ar ealaíona dúchasacha na Gaeilge. Is éagóir dhochreidte a bheadh ann dóibh siúd a d’oibrigh, ar bhonn deonach, ar feadh na mblianta le féile an Oireachtais a choinneáil ag imeacht. Is éagóir a bheadh ann dúinne atá fostaithe ar bhonn gairmiúil agus muid freagrach inniu as cur chun cinn na féile mar mhórócáid na bliana ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Sin cuid den mhéid a bhí le rá an tseachtain seo caite ag stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, ar thodhchaí Oireachtas na Gaeilge agus don neamhchinnteacht a bhain leis.

Bhí sé ag trácht ar mholtaí atá déanta ag Foras na Gaeilge maidir le samhail nua mhaoinithe, faoina ndéanfaí obair na n-eagraíochtaí Gaeilge ar bhonn scéimeanna i gcatagóir éagsúla seachas bunmhaoiniú a chur ar fáil do na heagraíochtaí.

Dar leis, “Ní mhairfidh Oireachtas na Gaeilge más ag brath ar scéimeanna a bhéas muid. Tá sé riachtanach go mbeadh ar ár gcumas pleanáil leanúnach chuí, tomhaiste a dhéanamh do na blianta atá romhainn.”

Deir sé go bhfuil iarrtha aige ar Aire na Gaeltachta socrú a dhéanamh a thabharfaidh cinnteacht mhaoinithe don Oireachtas trí threoir a thabhairt dá Roinn féin, d'Fhoras na Gaeilge nó d'Údarás na Gaeltachta, croímhaoiniú cinnte a sholáthar agus ligean dóibh leanúint den fhorbairt ar an bhféile.

 

Page generated in 0.3209 seconds.