Drámaí na Gaeilge 1975 - 2009

Cuirfear an-spéis anseo san iarthar i Playography na Gaeilge, bunachar sonraí idirlín ina bhfuil teacht ar eolas cuimsitheach faoi gach dráma Gaeilge a léiríodh don chéad uair sna blianta 1975 - 2009.

Is é Institiúid Téatair na hÉireann atá freagrach as an tionscnamh seo, tionscnamh ina bhfuil eolas ar fáil freisin ar dhrámaí i mBéarla a léiríodh don chéad uair sa tréimhse chéanna. Tá sonraí ar fáil ann faoi thart ar 250 dráma Gaeilge a scríobhadh i rith na tréimhse seo, ina measc saothair le scríbhneoirí ar nós Siobhán Ní Shúilleabháin, Antoine Ó Flatharta, Darach Ó Scolaí, agus Joe Steve Ó Neachtain. Tá aistriúcháin agus leaganacha cóirithe de dhrámaí le fáil ar an suíomh freisin.

Is féidir cuardach a dhéanamh ar Playography na Gaeilge de réir teideal an dráma nó an t-údar, de réir aisteoirí nó stiúrthóirí nó de réir bhliain an chéad léiriúcháin. Ceaptar gur acmhainn thábhachtach a bheidh ann do chomplachtaí drámaíochta, léiritheoirí, agus stiúrthóirí agus go mbainfidh grúpaí drámaíochta nó duine ar bith a bhfuil suim aige in amharclannaíocht na Gaeilge leas as an áis nua.

Fuair an tionscnamh tacaíocht mhaoinithe ó Fhoras na Gaeilge. Ceapann Deirdre Davitt ó Fhoras na Gaeilge “go bhfuil an tionscnamh seo ríthábhachtach, tá againn ar deireadh aon áit amháin ina bhfuil gach eolas ar fáil a bhaineann le hamharclannaíocht na Gaeilge (1975 – 2009 ), eolas a mbaineadh an-deacracht lena aimsiú go dtí seo”.

Tá Playography na Gaeilge ar fáil ar www.irishplayography.com

 

Page generated in 0.3335 seconds.