Féile Joe Éinniu i gCarna

Reáchtálfar féile chomórtha Joe Éinniú i gCarna ón 30 Meitheamh – 2 Bealtaine. Is féile í seo a dhéanann comóradh ar shaol agus ar shaothar ceoil an amhránaí cháiliúil ón Aird Thoir. Ní dhéantar dearmad ach an oiread ar shaoithe eile Iorras Aithneach, mar is léir ó ócáid oscailte na féile nuair a thabharfar ómós do Sheán ‘ac Dhonnacha. Beidh an ócáid seo ar siúl in Áras Shorcha Ní Ghuairim agus is é Tim Dennehy a bheidh mar aoi chainteoir.

Ar ndóigh chaith Joe Éinniú tréimhse fhada ina chónaí i Meiriceá, agus is ann, i Seattle, a bhásaigh sé. Ag breathnú siar ar an tréimhse sin beidh ócáid fhíor spéisiúil ar siúl tráthnóna Shathairn ag 2.30in in Áras Shorcha Ní Ghuairim nuair a chaithfear súil ar an ábhar atá i gcartlann Joe Éinniú ó Ollscoil Washington, cartlann a bhronn an ollscoil sin ar Áras Sorcha Ní Ghuairim dornán blianta ó shin.

Is í an amhránaíocht, ceol, agus damhsa atá mar chroílár na féile agus le linn an deiridh seachtaine beidh neart seisiúin sna tithe tábhairne, beidh ceardlanna amhránaíochta agus damhsa ar an sean nós, seoladh dlúthdhiosca nua le Ciarán Somers, Dave Sheridan, agus Nicolas Quemener, cuairt ar uaigh Joe Éinniú, comórtas amhránaíochta do dhaoine óga, céilí & seiteanna agus ceolchoirm mhór na féile.

Tá tuilleadh eolais le fáil ó Mhicheál Ó Cuaig ag 095 33599 nó [email protected]

 

Page generated in 0.3238 seconds.