Blas na Gaeilge ar an mbiachlár

Tá Gaillimh le Gaeilge ag tabhairt cuireadh do bhialanna, d’óstáin agus do thithe tábhairne i gcathair na Gaillimhe níos mó Gaeilge a úsáid ar a gcuid biachláir. Dúirt Gearóidín Ní Ghioballáin, bainisteoir tograí le Gaillimh le Gaeilge, “Is maith le turasóirí an Ghaeilge a fheiceáil in úsáid i saol laethúil na cathrach. Cuireann sé go mór lena gcuairt agus lena gcuid measa ar Ghaillimh mar áit speisialta le teacht ar saoire. Is féidir le gnólachtaí atá ag déileáil leis an earnáil turasóireachta buntáiste ar leith a fháil as úsáid na Gaeilge agus táimid ag tnúth le hoibriú leis an earnáil seo chun íomhá dhátheangach na Gaillimhe a neartú.”

Beidh liosta na bialanna curtha ar fáil ar www.gleg.ie agus tá Gaillimh le Gaeilge lánsásta comhairle a thabhairt do bhialanna ar leagan amach an bhiachláir agus ar an méid Gaeilge a bheadh oiriúnach sa bhiachlár. Cuirfidh siad seirbhís aistriúchán ar fáil saor in aisce chomh maith.

Más mian leat Gaeilge a chur ar do bhiachlár agus a bheith curtha san áireamh ar an liosta seo, déan teagmháil le Gearóidín ar (091 ) 568876 nó [email protected].

 

Page generated in 0.3338 seconds.