Buíochas as tacaíocht Sheachtain na Gaeilge

I ráiteas atá eisithe ag Conradh na Gaeilge gabhann siad buíochas le gach duine a raibh baint acu agus a ghlac páirt in imeachtaí Sheachtain na Gaeilge agus i Rith 2010. Dúirt siad go raibh clár na bliana seo ar an bhféile ba mhó a eagraíodh riamh agus go raibh buíochas ag dul do na céadta duine mórthimpeall chathair agus chontae na Gaillimhe a chuaigh i mbun imeachtaí a eagrú ina gceantar féin. Ghabh siad buíochas freisin lena heagraíochtaí agus na scoileanna ar fad a ghlac páirt sa tseachtain. “Is ar an gcomhoibriú agus ar an gcomhpháirtíocht seo atá todhchaí na Gaeilge ag brath” a deir an ráiteas. Bhí tábhacht faoi leith freisin, dar le Conradh na Gaeilge, leis an tacaíocht a fuarthas óna meáin chumarsáide.

Gheall Conradh na Gaeilge go leanfaí leis an obair don chuid eile den bhliain ag forbairt úsáid na Gaeilge. Thug siad cuireadh d’aon ghrúpa gur spéis leo an Ghaeilge dul i dteagmháil leo in Áras na nGael, 45 Sr Doiminic, (091 ) 567824, [email protected]

 

Page generated in 0.3137 seconds.