Coláiste Cholmcille, Indreabhán

Tá Coláiste Cholmcille, Indreabhán, atá faoi phátrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, ag glacadh le hiarratais ó scoláirí do rang na chéad bhliana don scoilbhliain seo chugainn, 2021-’22. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ó shuíomh idirlín na scoile, www.colaistecholmcille.ie, nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected], nó is féidir glaoch ar an scoil ag 091 593119 chun foirm iarratais agus pacáiste eolais a fháil.

Is scoil lán-Ghaeilge í Coláiste Cholmcille ina bhfuil rogha cuimsitheach d’ábhair ar fáil. Tá dea-cháil ar an scoil as an aire a thugtar do na scoláirí agus de bharr an réimse leathan d’imeachtaí atá le fáil inti, idir spóirt, cultúr, folláine agus féin-fhorbairt. Cuirtear an-bhéim ar fhorbairt phearsanta an scoláire.

Éiríonn le scoláirí na scoile sár-thorthaí a bhaint amach i scrúduithe an Stáit bliain i ndiaidh bliana.

Tá pobal na scoile an-bhrodúil as oidhreacht agus traidisiúin an cheantair agus é sin le feiceáil go suntasach in imeachtaí go léir na scoile.

Tá áiseanna den scoth ar fáil sa scoil idir áiseann teagaisc agus foghlama agus áiseanna theicneolaíochta. Tá forbairt ollmhór ceadaithe don scoil ina mbeidh halla mór spóirt, giomnáisiam, 12 seomra ranga breise, seomra innealtóireachta, seomra teicneolaíochta, seomra admadaóireachta, seomra ealaíne, seomra ilmheáin, seomra eacnamaíocht bhaile, 2 saotharlann eolaíochta, seomra cumarsáide, oifigí, seomraí cruinnithe agus seomra tuismitheoirí chomh maith le cuairteanna imeartha agus ceaintín scoile agus go leor eile. Is cinnte go ndéanfaidh sé seo an-leas do phobal na scoile agus do phobal Chois Fharraige.

 

Page generated in 0.1329 seconds.