Ardteist/Teastas Soisearach 2019

Na scrúdaithe Ardteiste agus Teastas soisearach ag tosnú 05/06/2019. Tá treoracha agus rialalcha ag baint le hIompar na n-Iarrthóirí le linn Scrúduithe.

1. Tá sé an-tabhachtach go bhfuil na laethanta agus na huaireanta atá gach scrudú ar eolas ag an iarrathóir mar atá siad socraithe ar an amchlár.

Ní mór do scoláirí a bheith sa halla scrúdaithe leathuair an chloig ar a laghad sula dtosaíonn an scrúdú Béarla ar an 5ú lá de mí Meitheamh. Ní mór dóibh, na laethanta ina dhiaidh sin a bheith i láthair cúig nóiméad déag ar a laghad roimh an am atá luaite ar an amchlár.

Ní ligfear do aon scoláire dul isteach san halla scrúdaithe 30 noiméad taréis an scrudú tosnú.

2. Chomh maith le sin ar an dtaobh eile dhó ní féidir scolaire ar bith an halla scrúdaithe a fhágáil go dtí go mbeidh tríocha nóiméad caite ón am a thosaigh an scrúdú. Má fhagann said níl cead acu dul aráis.

3. Ar ndoigh má tá an scoláire tinn agus tá gá dóibh dul chuig an leithreas i rith an scrudú beith feitheoir inann iad a thabhairt ann.

4. Beidh suíochan le do uimhir scrúdaithe ins an ionad scrúdaithe agus beidh ort suí ansin gach lá a bhfuil scrudú agat.

5.Ná scríobh do ainm ar fhreagarleabhar ná ar pháipéar ar bith eile a thugtar duit. Cuir do uimhir ar gach clúdach, freagarleabhar, léarscáil, líníocht, nó bileog de pháipéar cearnach a úsáideann tú.

6.Is é/í an feitheoir a thabharfaidh leabhrán Foirmlí agus Táblaí duit. Níl aon chead ag scoláire a gcóip féin den leabhrán a thabhairt isteach sa halla scrúdaithe. Níl na leabhráin Foirmlí agus Táblaí ceadaithe ach amháin in ábhair áirithe.

7. Ní féidir leat leabhar nó páipéar ar bith seachas do charta aitheantais má tá ceann agat a thabhairt isteach sa seomra.

(b ) Ní féidir úsaid a bhaint as meamram, nótaí, fón póca, leabhar leictreonach seoltaí, bunachar sonraí ar bith, irl.ach amháin áireamhán nuair a cheadaítear a leithéid de réir na rialacha.

8. Níl cead agat cúnamh a thabhairt, nó iarracht a dhéanamh ar chúnamh a thabhairt do scoláire eile, nó cúnamh a fháil, nó iarracht a dhéanamh ar chúnamh a fháil ó scolaire eile nó ón fheitheoir;

9. Níl cead agat freagarleabhar ar bith a thogáil amach as an halla scrúdaithe.

10. Má tá tú críochnaithe deich nóiméad ar a laghad roimh deireadh an am scrúdaithe tá cead agat an halla a fhágáil.

11. Ní féidir ach áireamháin do-ríomhchláraithe a úsáid. Tá sé tachachtach do scoláirí a chur in iúl ar a leabhair freagraí cén déantús agus cén cineál áireamhá a úsáideadh sa scrúdú.

Go néirigh le gach scoláire óg agus aibi sna scrúdaithe stáit.

 

Page generated in 0.1159 seconds.