Léacht Uí Ghadhra

Is ar an gCéadaoin seo chugainn, 9 Bealtaine, a reáchtálfar Léacht Uí Ghadhra 2018, léacht a bheidh ar siúl i Halla na Cathrach, Baile Átha Cliath. Seo léacht bhliantúil Chonradh na Gaeilge, ócáid atá ainmnithe i gcuimhne ar Nollaig Ó Gadhra, iarUachtarán de chuid an Chonartha.

Ó Athbheochan go hAthchóiriú: An Ghaeilge agus an Stát is teideal na léachta agus is é An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill a bheidh i mbun na léachta.

Tá fáilte roimh chách ag an léacht agus is féidir suíochán a chur in áirithe tríd ríomhphost a chur chuig Cuan Ó Seireadáin ag [email protected] nó glaoigh air ag +353 (0 )1 4757401.

 

Page generated in 0.3260 seconds.