Aisteoirí óga ag ceiliúradh

Tá daltaí Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gcathair na Gaillimhe agus daltaí Scoil Náisiúnta Cholmcille ar an Tulach i gConamara ag ceiliúradh i ndiaidh dóibh gradaim náisiúnta a bhaint amach ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta. Bronnadh an gradam scothléiriú na Féile ar Ghaelscoil Mhic Amhlaigh agus an gradam don Bhunscoil Ghaeltachta is fearr ar scoil Náisiúnta Cholmcille.

Tá neart scoileanna eile i gContae na Gaillimhe ag ceiliúradh freisin agus duaiseanna bainte amach acu ag an bhFéile Náisiúnta. Ar na scoileanna seo tá: Scoil Sailearna, Indreabhán, leis an dráma Craobh an Chontae; Gaelscoil Dara, An Rinn Mhór, a bhain duais an mholtóra do na cultacha sa dráma Díoltas na Coille agus Gaelscoil de hÍde, Uarán Mór, a bhain duais an mholtóra do Radharc Álainn ina ndráma siúd.

Tá an-rath ar an bhFéile Scoildrámaíochta agus glacann breis is 10,000 dalta scoile páirt sna réamhbhabhtaí gach bliain. Eagraítear na réamhbhabhtaí mar fheiltí áitiúla in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Tá moladh faoi leith ag dul don Chumann Scoildrámaíochta a eagraíonn an fhéile seo ar bhun dheonach gach bliain. Bronnfar na duaiseanna ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh ar an 23 Bealtaine.

 

Page generated in 0.3417 seconds.