Painéal láithreoirí aimsire TG4

Tá TG4 ar thóir láithreoirí aimsire agus leanúnachais do phainéal a bheidh lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann. Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag cur sceideal TG4 i láthair don phobal féachana, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta.

Duine fuinniúil, cumasach atá á lorg chun Aimsir agus míreanna Leanúnachais TG4 a chur i láthair agus freastal ar ardáin shóisialta TG4. Ní foláir d’iarrthóirí eolas agus tuiscint ar chlársceideal TG4, agus ardscileanna cumarsáide, a bheith acu.

I measc na ndualgas a bheidh orthu beidh: ullmhú agus láithriú míreanna láithreachais agus aimsire laethúil; scripteanna le dréachtú agus le guthú do bhlaisíní TG4 agus freastal ar ardáin shóisialta TG4. D’fheadfaí freisin a bheith ag ionadaíocht ó am go chéile thar cheann TG4 ag ócáidí poiblí. Duine a bhfuil Gaeilge den scoth, cumas láithreoireachta, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas scríofa agus cumarsáide atá ag teastáil don phost seo.

Chun iarratas a dhéanamh seol mír fhíse nóiméad amháin ar fhaid ag cur síos ort féin, mar aon le CV chuig: [email protected], roimh an spriocdháta, Dé Luain 16 Aibreán 2018.

Foclóir / dictionary:

scannán faisnéise documentary

riocht condition

saíocht wisdom

oidhreacht heritage

seinnteoir player

deiseanna opportunities

láithreoirí presenters

lonnaithe based

fuinniúil energetic

dualgais duties

 

Page generated in 0.3357 seconds.