Cláraigh anois do Sheachtain na Gaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ag ullmhú Clár na Gaillimhe do Sheachtain na Gaeilge faoi láthair. Beidh Seachtain na Gaeilge 2018 ar siúl ón 1 – 17 Márta agus beidh na céadta imeacht ar siúl le linn na tréimhse sin agus na mílte duine ag glacadh páirte sna himeachtaí.

Mar is iondúil, beidh béim ar rannpháirtíocht an phobail ar fud chontae na Gaillimhe. Chuige sin tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar aon ghrúpa ar spéis leo páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge teagmháil a dhéanamh leo. Cuirfear tacaíocht ar fáil dóibh agus déanfar cinnte go mbeidh siad páirteach sa chlár agus go gcuirfear poiblíocht ar fáil dá gcuid imeachtaí roimh agus le linn na féile.

Is féidir eolas a chur ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó [email protected].

Advertisement

 

Page generated in 0.1823 seconds.