Comórtas na Nollag Lár Sráide

Tá lear mór duaiseanna againn i mbliana, urraithe ag Cló Iar-Chonnachta Teo, Gael Linn, TG4, Raidió na Gaeltachta, Móinín, Coimicí Gael, agus Conradh na Gaeilge do léitheoirí Lár Sráide do chomórtas na Nollag. Tá idir dearbháin, leabhair, dlúthdhioscaí agus go leor eile le buachan. Is iad seo a leanas na ceisteanna.

1. Cá tír ina mbeidh corn rugbaí an domhain ar siúl sa bhliain 2023?

2. Cén t-ainm atá ar an té a ceapadh mar phríomhfheidhmeannach nua ar Údarás na Gaeltachta i mbliana?

3. Cén t-ainm atá ar an scannán, bunaithe ar scéal an dornálaí Seán Ó Mainnín, a bhfuil ainmniúchán faighte aige ar fhadliosta do na gradaim Oscar?

4. Ainmnigh an t-aisteoir atá i bpáirt Tadhg i Ros na Rún?

5. Cén t-ainm atá ar an ngrúpa ceoil traidisiúnta as Gaoth Dobhair a bhfuil ag ceiliúradh 30 bliain ar an saol i mbliana?

6. Cén ceoltóir traidisiúnta a ndéantar ceiliúradh air ag féile i Sráid na Cathrach, Contae an Chláir gach samhradh?

7. Cén t-ainm oifigiúil atá ar pháirc pheile Gaillimhe Aontaithe i dTír Oileáin?

8. Cé a bhí mar chaptaen ar fhoireann iománaíocht sinsir na Gaillimhe a bhuaigh Craobh na hÉireann i mbliana?

9. Cén t-ainm atá ar an té a roghnaíodh mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge nuair a bhí Ard-Fheis na heagraíochta ar siúl i nGaillimh i mbliana?

10. Ainmnigh an craoltóir a chuireann an clár raidió An tSeachtain i láthair gach maidin Shathairn ar Raidió na Gaeltachta?

Tá go dtí Dé hAoine 5 Eanáir agaibh chun na ceisteanna a fhreagairt, agus is féidir iad a chur chuig Lár Sráide, Conradh na Gaeilge, 45 Sr. Doiminic, nó chuig [email protected].

 

Page generated in 0.3709 seconds.