Amhrán á lorg don Phan Ceilteach

Is i gCeatharlach a reáchtálfar an comórtas náisiúnta chun amhrán na hÉireann a roghnú don Fhéile Pan Ceilteach i mbliana. Rachaidh an buaiteoir ar aghaidh le bheith san iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ó Alba, An Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus An Bhriotáin ag an bhFéile Pan Cheilteach. Beidh an fhéile idirnáisiúnta seo ar siúl i Leitir Ceannain ón 3 - 8 Aibreán 2017.

Is é Glór Cheatharlach atá ag eagrú an comórtas náisiúnta agus is é an Aoine, 26 Eanáir, an spriocdháta iontrála más mian leat iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas. Ní mór do na focail agus an ceol a bheith nuachumtha agus glacfar le hamhrán traidisiúnta, pop amhrán, amhrán tíre, amhrán rac ceilteach agus eile. Tá na rialacha agus foirmeacha iarratais le fáil ar www.panceltic.ie Ní foláir na hiarratais a bheith ar dhlúthdhiosca agus iad a sheoladh chuig An Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2014, Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach, Co Cheatharlach roimh an spriocdháta.

Beidh an Comórtas Náisiúnta ar siúl ar an Satharn, 10 Márta 2018, in Óstán an Seven Oaks, Ceatharlach. Tá an eagraíocht IMRO ina phríomhurra ar an gcomórtas, i gcomhar le Gael Linn, agus bronnfar trófaí agus duais airgid €1,000 ar an mbuaiteoir.

Tá gach eolas faoin gcomórtas náisiúnta, agus faoin bhFéile idirnáisiúnta Pan Cheilteach, le fáil ó Ghlór Cheatharlach ach glaoch ar 059 9158105 nó ón suíomh idirlín www.panceltic.ie

 

Page generated in 0.3797 seconds.