An scoil Ghaeltachta áitiúil

Ag freastal ar gach uile riachtanais oideachais

Ó 1955 i leith tá Coláiste Cholmcille, Indreabhán ag freastal ar riachtanais oideachais cheantair Chois Fharraige, ó na Forbacha go Ros a Mhíl agus níos faide ó bhaile.

Is scoil lán-Ghaeilge í Coláiste Cholmcille agus cuirtear béim láidir ar fhorbairt ghnóthachtáil & phearsanta na scoláirí. Cuirtear réimse leathan ábhair ar fáil sa scoil ag gach leibhéal. Ag leibhéal an Teastas Shóisearaigh tá Miotalóireacht, Adhmadóireacht, Tíos, Eolaíocht, Ealaín, Fraincís, OSSP, OSPS, Teagasc Reiligiúin, Corpoideachas, Stair, Tíreolaíocht, Gaeilge, Béarla agus Mata. Tá an tSraith Shóisearach nua agus an clár uile scoile folláine faoi lán seoil againn freisin.

Tá réimse an-leathan ábhair ar fáil don Ardteist, ina measc tá Innealtóireacht, Adhmadóireacht/Staidéar Foirgníochta, Graific Dhearadh & Cumarsáide, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, Bitheolaíocht, Fisic, Ceimic, Eolaíocht Talamhaíochta, Teagasc Reiligiúin, Corpoideachas, Stair, Tíreolaíocht agus Gnó chomh maith le Gaeilge, Béarla, Fraincís & Matamaitic. Anuas ar sin déantar Clár Gairme na hArdteiste, clár atá ina bhuntáiste mhór do scoláirí.

Tá an-cháil ar chlár Idirbhliana na scoile agus tugtar deis do gach scoláire tabhairt faoin mbliain seo.Tá béim mhór san Idirbhliain ar fhorbairt an duine, meabharshláinte, cultúr, fiontraíocht, ceol, scríbhneoireacht, drámaíocht agus ar thaithí éagsúla an tsaoil chun an scoláire a réiteach don todhchaí. Tá sé cruthaithe go n-éiríonn níos fearr san Ardteist, ar an meán, le scoláirí a dhéanann an Idirbhliain.

Baineann na scoláirí ard-thorthaí Ardteiste amach gach uile bhliain agus tá muid an-bhródúil as a dtorthaí & a ngnóthachtáil. Cuirtear an-bhéim ar na scoláirí a réiteach agus a threorú i dtreo cúrsaí a fheileann dóibh agus bliain i ndiaidh bliana éiríonn leo áit a bhaint amach, in Ollscoil, Institiúid Teicneolaíochta agus Coláiste Oiliúna nó Printíseachtaí a shlánú.

Tá Coláiste Cholmcille an-bhródúil as an tréad-chúram agus an aire a fhaigheann na scoláirí sa scoil. Coinnítear líon na ranganna íseal rud a chruthaíonn atmaisféar an-cháirdiúil agus spreagúil sa scoil. Oibríonn an fhoireann uile scoile agus an Rannóg Gairmthreorach ach go háirithe, go dlúth le scoláirí chun iad a threorú ar bealach a leasa. De bharr seo tá ráta coinneála Choláiste Cholmcille fíor-ard agus is cinnte go dtacaíonn sé seo le dul chun cinn na scoláirí.

Tá réimse leathan d’imeachtaí sheach-churaclam ar fáil ag na scoláirí. Ina measc tá peil ghaelach, sacar, iománaíocht, camógaíocht, cispheil agus imeachtaí ionaid eachtraíochta. Tá muid an-bhródúil as na héachtaí mhóra spóirt atá bainte amach ag scoláirí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Baineann na scoláirí gaisce amach go rialta sa cheol, amhránaíocht, scríbhneoireacht, filíocht, drámaíocht agus ealaín agus go leor duaiseanna náisiúnta ina measc.

Beidh Oíche Eolais Choláiste Cholmcille ar siúl ar an 29 Samhain 2017 ag 6:30i.n.Tugtar cuireadh do dhaltaí bunscoile agus tuismitheoirí bualadh isteach chun

aithne a chuir ar an sár-scoil seo.

Coláiste Cholmcille, IndreabháN, Co. Na Gaillimhe 091 593119

 

Page generated in 0.1520 seconds.