Aip Eolaire Gnó

Tá fáil anois ar aip nua a bhfuil ar an gcéad eolaire gnó Gaeilge do ghutháin chliste, aip atá ar fáil in aisce ar aip PEIG.ie Is féidir le húsáideoirí seirbhís as Gaeilge a chuardach de réir catagóire, de réir cúige agus contae, nó trí sheirbhís a aimsiú ar an léarscáil idirghníomhach ar aip PEIG.ie Tá rogha ann seirbhísí atá gar duit a lorg freisin trí leas a bhaint as GPS an fhóin.

Deir Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is seirbhís saor in aisce í seo atá á soláthar ag Conradh na Gaeilge don phobal, agus is áis eolais iontach luachmhar é an tEolaire Gnó ar aip PEIG.ie do dhaoine atá ag iarraidh teacht ar sheirbhísí i nGaeilge fud fad na tíre. Tá súil againn go spreagfaidh sé gnólachtaí le tuilleadh seirbhísí trí Ghaeilge a thairiscint dá gcustaiméirí fosta.”

Tá os cionn 120 gnólacht tar éis seirbhísí Gaeilge a chlárú le PEIG cheana féin go dtí seo. Is féidir le gnólachtaí eile a gcuid seirbhísí Gaeilge a chlárú ag eolaire.peig.ie nó trí aip PEIG.ie

Is féidir an nua aip PEIG.ie a íoschóipeáil in aisce ó Google Play nó ón App Store. Má tá aip PEIG.ie agat cheana gheobhaidh tú fógra le huasdátú a dhéanamh ar an aip chun an tseirbhís nua a fháil. D’fhorbair an comhlacht Pangr aip PEIG.ie, arna chomhordú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge.

 

Page generated in 0.3282 seconds.