Teacht Aniar na teilifíse

Tá sé deimhnithe ag TG4 go bhfuil dul chun cinn maith déanta acu ina chuid cainteanna le Aniar, comhlacht léiriúcháin nua Gaeltachta, do chonradh ollsoláthair do chláir fhíorasacha agus cláir cheoil a chur ar fáil don chainéal sna ceithre bliana atá romhainn. Beidh luach cúig mhilliún euro leis an gconradh nua.

Tá sé seo ag teacht sna sála ar an bhfógra a rinne TG4 ag tús na bliana go raibh siad chun tabhairt faoi mhúnla nua coimisiúnaithe agus go raibh iarratais á lorg acu ar bhonn chonarthaí ollsoláthair. Tharraing an fógra seo roinnt mhaith plé agus díospóireacht ag an am, go háirithe maidir leis an laghdú ollmhór sa líon comhlachtaí léiriúcháin atá ag feidhmiú anois i réimse na teilifíse.

Deir TG4 go bhfuil measúnú déanta ar na hiarratais sin anois agus go bhfuil cainteanna ar bun le seacht gcomhlacht léirithe eile maidir le conarthaí ollsoláthair, agus go bhfógrófar conarthaí go poiblí go luath san Fhómhar.

Deir Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, gur céim shuntasach chun cinn í seo d’fhorbairt na hearnála clos-amharc Gaeltachta agus i straitéis nua TG4 freisin. “Tá géarghá an earnáil anseo sa Ghaeltacht a thabhairt chun cinn chuig leibhéal eile agus bonn seasmhach inmharthana a chur fúithi ar scála tionsclaíoch’” a dúirt sé. “Le chéile, is féidir linn na deiseanna a thapú, fostaíocht a chruthú agus freastal ar an bpobal.”

Is iad Niamh Ní Bhaoill agus Seán Ó Cualáin, beirt léiritheoir Gaeltachta a bhfuil aithne mhaith orthu agus taithí na mblianta acu san earnáil, stiúrthóirí an chomhlachta nua agus beidh ionaid léiriúcháin ag an bhfiontar nua seo i nGaeltachtaí Thír Chonaill, na Gaillimhe agus Chiarraí.

 

Page generated in 0.2978 seconds.